Beárbaiciú

Dúirt Mamaí go raibh Daideó ag teacht ar ais ón ospidéal. Chun é a cheiliúradh, bhí beárbaiciú á dhéanamh againn! Chuaigh Daid amach chun píosaí feola a fháil agus thosaigh Mamaí ag déanamh borróga seacláide. Thosaigh mise agus mo dheartháireacha ag déanamh spagetí. Mheascamar plúr, ubh agus uisce le chéile agus chuireamar é sa chuisneoir.



Ansin thosaíomar ag déanamh sailéid le cairéid agus leitís. Ghearramar suas cúpla cairéad agus duilleoga leitís. Fuair mé anlann sailéid sa chófra. Chuaigh sé go hálainn lenár sailéad. Nuair a bhí sé réidh, chuireamar é sa chuisneóir freisin.

An rud deireannach le déanamh ná cáca deas. D'oscail mé leabhar cáca a bhí ar an seilf. Phiocamar amach cáca liomáide. Bhreathnaigh sé go hiontach!

Ag a ceathar a chlog, tháinig Daid abhaile ón mbúistéir le cúpla easnacha agus ispíní. Chuaigh Mamaí sa charr chun Mamó agus Daideó a phiocadh suas ón ospidéal. Chuir Daid an bearbaiciú ar siúl.Chuir mise an spagetí ag cócaireacht sa chistin.

Tháinig Mamaí, Mamó agus Daideó abhaile. Bhí aghaidh bródúil orthu. Tar éis a lán póg agus barróg, chuamar amach sa ghairdín. Bhí Daid ag cur na h-easnacha agus na h-ispíní ar na plátaí agus bhí mo dheartháir ag cur an spageití amach ar an mbord. Rith mo Mhamaí ar ais sa teach chun na deochanna agus an sailéad a fháil.
Bhí Daideó an-sásta chun a bheith as an ospidéal. Chuireamar na borróga agus uachtar reoite ar an mbord ach an rud is fearr faoin lá, ná an cáca liomóide. Bhí se ar fad imithe tar éis!

Chríochnaigh an spraoi ag a leathúair tar éis a naoi. Bhí am iontach againn ach ba é an rud is fearr ná go raibh Daideó ar ais.


Clár Nic Éil, Rang 5, 2012