Rinne Ranganna 5/6 an tionscnamh seo sa bhliain 2004 i gComórtas Seachtain na Gaeilge a bhí eagraithe ag Foras na Gaeilge. Piocadh an t-ábhar seo chun eolas a bhíomar ag bailiú sa nuachtán Connaught Telegraph a léiriú ar ár suíomh idirlíne. Bhíomar an-ghafa leis an sraith sliochtanna a scríobh Tom Higgins, le cabhair Jimmy McHale, darbh ainm Lord Kilmaine and the Castlebar Estate. Fuaireamar breiseolas ón idirlíon, ón leabhar staire, ó Mhuseum an tSaoil Faoin Tuath, ón leabhar The Story of Mayo, agus ó thuismitheoirí agus seanthuismitheoirí. Ár mbuíochas do ghach éinne a thug cabhair dúinn.

 

Cá Bhfuil Carrowbrinogue?

Seo léarscáil de Chaisleán an Bharraigh sa bhliain 1870. Taispeánann sé Carrowbrinogue in iarthuaisceart an bhaile.

 

Seo cuid de Carrowbrinogue. Táimid in ann Boradruma a fheiceáil.

 

Ciallíonn Barr an Droma (Boradruma) áit ard ar chnoc.
Is féidir linn an cnoc a fheiceáil go soiléar.

 

Tá radharc álainn de Chruach Pádraig le feiceáil ó bharr na gcnoc i gCarrowbrinogue. Thóg mé an ghrianghraf seo ó na páirceanna is airde ar an bhfeirm atá ag Jimmy Mc Hale, an fear a thug a lán eolais dúinn faoi stair an cheantair agus faoin saol fadó.