Comhrá i nGaeilge:   Fleadh Cheoil

 

Comhrá i nGaeilge:   Fleadh Cheoil Mhaigh Eo 2019
Comórtas Faoi 9; 9-11; 11-13.
Béal Easa  11/05/19   maidin Dé Sathairn 10am.
Fleadh Chonnacht: 06/07/19 maidin Dé Sathairn 10am.
Fleadh na hÉireann: Droichead Átha-17/08/19-Beidh’ Scoil Éigse’ ag tarlú an tseachtain roimhe sin leis na múinteoirí is fearr.  Scoil Éigse-master music classes competitors will commence the week prior to this date. Check out on website/with the fleadh office.
Further information available on Comhaltas website/Suíomh idirlíne: https://comhaltas.ie/education/comhra/danta/scealta -Wide selection of stories and poems available to learn.


Comórtas Faoi 9; 9-11; 11-13.
comhaltas.ie/education/comhra/danta/scealta.
(ÉIST LE NA CEISTEANNA SULA dTUGANN TÚ NA FREAGRAÍ!  BÍODH NA FREAGRAÍ TUGTHA IN ABAIRTí IOMLÁNA, NA hÚSÁID sea,sea, nó FOCAL AMHÁIN.)

Comhrá i nGaeilge-Ceisteanna agus freagraí-Dán nó Scéal a rá.
Liosta de na gnáth ceisteanna mar eolas le cleachtadh:

Cén t-ainm atá ort?
Cén chaoi ina bhfuil tú?
Cén chaoi a tháinig tú anseo ar maidin?
Inis dom fút féin. 
Cén aois thú?
Inis dom faoi do chlann féin.
Cá bhfuil tú i do chónaí? 
Céard is ciall leis an ainm sin?
An bhfuil stair ag baint leis?

Inis dom faoi do rang/múinteoir/cairde scoile.
Ar do bhealach chuig na scoile céard atá le feiceáil?
Inis dom faoi do scoil.
Céard a dhéanann tú ar maidin? Um thráthnóna?
Inis dom faoi Scoil Raifteirí.

Raifteirí: an bhfuil aon eolas agat faoi?
Chum sé an dán ‘Raifteirí’, agus bhí aithne ag muintir Mhaigh Eo ar mar ‘Raifteirí an File’.  Rugadh é i gCill Aodháin i gCo. Mhaigh Eo, ach is i gCo. na Gaillimhe a chaith sé formhór a shaoil.  Chaill sé radharc na súl nuair a bhí sé óg.  Chaith sé a shaol ag seinm ceoil.  Scríobh sé go leor dánta:  Anach Cuain, Cill Aodháin, Aithrí Rafturaí agus Mise Raifteirí na cinn is coitianta.

An bhfuil an dán ar eolas agat?
 
Inis dom faoi Caisleán an Bharraigh. Cén saghas baile atá ann?
Foirgnimh? Fostaíocht? Caitheamh aimsire? Cúrsaí spóirt/ealíne/ceoil? Scoileanna?

Daonra? Méid an bhaile?
Stair an Bhaile?
Daoine Cáiliúla a rugadh agus a tógadh sa bhaile?

Ceol:  Cén ceoltóir Gaelach is fearr leat?
An bhfuil aithne agat ar cheoltóirí Mhaigh Eo?
Inis dom faoin bhFleadh.
An raibh tú ag ceann riamh?
Cén páirt ar ghlac tú ann?
An bhfuil eolas agat faoi aon cheoltóir áitiúil?

Gaeilge:  Cá bhfuair tú do chuid Ghaeilge?
An maith leat í a labhairt?
An bhfuil Gaeilge sa bhaile nó sa cheantar?
An bhfuil eolas agat faoi Chonradh na Gaeilge?
Inis dom faoin gConradh; céard é?
Ar bhain tú páirt i gcomórtas eile? Féile Scoildhrámaíochta, Scór, Fleadh na nÓg...
An bhfuil aon eolas agat faoi Ógras, nó an tOireachtas?
Céard a cheapann tú faoi TG4/Radio na Gaeltachta?
Cén clár is fearr leat?  Cén fáth?

Spórt:  An bhfuil suim agat i gcúrsaí spóirt?
An mbíonn tú féin páirteach i spóirt ar bith? 
Inis dom faoi sin.

 

Ceisteanna eile:
Céard a rinne tú an samhradh seo chaite?
Céard a dhéanann tú gach tráthnóna?
Dá mbuafá an crannchur Náisiúnta, céard a dhéanfá leis?
Céard a dhéanfaidh tú don deireadh seachtaine fada?
Céard a cheapann tú faoin bhFleadh?
Cén caitheamh aimsire atá agat féin?

 

Caisleán an Bharraigh: 14,000 daoine ina gcónaí ann. Ag meadú i gcónaí, 6 scoil ann trí bhunscoil, 3 mheán scoil, 2 scoil do na páistí le fadhbanna intinne agus foghlama, iad a ainmniú, príomhfhostóirí …..Ospidéal, Baxter, Comhairle Chontae, siopaí móra is beaga, ainmnigh iad, rogha mhaith earraí, Céard is brí leis? Príomhbhaile Mhaigh Eo suite i gceartlár an chontae! An chontae is áille sa tír, coillte, sléibhte…..aibhneacha…lochanna ….tírdhréach ar fheabhas, iascaireacht, tumadóireacht, siúlóidí, An Bealach Glas ó Scoil Raifteirí go Músaem Thurlaigh, Féile na Tuaithe 

 

Eolas Breise:
Aire na Gaeltachta: An tUasal Joe McHugh
Comhaltas Ceoltóirí Éireann:  (CCÉ)
Uachtarán:  Comhaltas Ceoltóirí Éireann: Vincent Jordan
Bunaíodh CCÉ i Muileann Cearr i gClub na bPíbéirí sa bhliain 1951. Bunaíodh an t-eagas seo chun gach gné dár gcultúr a chothú agus a chaomhnú-ceol, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht agus an teanga.  Tá breis agus 400 Craobh ann chun ár gcultúr a chur chun chinn agus a neartú.
Ceannasaí :  Comhaltas Ceoltóirí Éireann:  Labhrás Ó Murchú

Craobh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
CCÉ: Cathaoirleach: ......................Rúnaí............................
 craobh i gCaisleán an Bharraigh…..go leor baill,
Craobh i gCaisleán an Bharraigh ina mbíonn Seisiún Ceoil, Oícheanta Ghaelacha, Céilíthe agus Coirmeacha Ceoil. Síle Baynes, Cáit Bn. Uí Éanacháin, John Kilkenny, Mairtín Ó Maicín ina bhaill.  Go leor ceoltóirí áitiúl-John agus Noel Kilkenny, Doherty’s, John McEvilly, Mick  Baynes, Richie Hickey agus go leor eile.
Ceoltóirí sa Chontae: Matt Molloy, John Tiernan, Séamus Heneghan, Kilkennys, Doherty’s, Healy Family, John McHugh, Béal Easa…….ainmnigh daoine eile.. Cáit Bn. Uí Éanacháin, John Kilkenny, Noel, ……………ag eagrú séisiún cheoil, ranganna amhránaíochta, rince agus ceoil. Mattie Joe Sheamúis Amhránaíocht ar an Sean-Nós sa Welcome Inn.  Quiz-Bhoird .
National achives launched le déanaí, fuair Cáit Bn. Éanachaín cuireadh speisialta bheith i láthair I mBAC….Taoiseach.

Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge:  Dr Niall Comer
Bhunaidh Dúghlás de hÍde Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893.
Tá 200 craobh ann, 180 in Éirinn le cinn eile san Albainn, Sasana, Ceanada, Meiriceá.  An obair a dhéantar ná imeachtaí a eagrú chun an Ghaeilge a láidriú-sa chóras oideachais-ranganna Gaeilge-comórtais-Naí Scoileanna a bhunú-Gaelscoileanna a bhunú-Fáinne.
Ard Rúnaí:  Julian de Spain a bhíodh ag obair sa Sportlann fadó le Cumann na bhFiann. Bhí sé i Scoil Raifteirí don RITH 2010 a thosaigh ar pháirc peile na scoile.


Uachtarán ar Chumann Lúthchléas Ghaeil:  Seán Ó hÓráin (John Horan)
Bunaíodh CLCG i mí na Samhna 1884 in Óstán Hayes i nDúrlas Éile.  Ba é Mícheál Ó Cíosóg as Co. an Chláir an duine a bhí taobh thiar den bhunú.  B’iad iománaíocht, peil agus Liathróid Láimhe  a thug lucht an chumainn aghaidh orthu ar dtús.  Tháínig an chamógaíocht isteach níos déanaí.  Tá craobhacha den Chumann i ngach pharóiste ar fud na tire agus go deimhin ar fud an domhain aon áit a bhuil cónaí ar Éireannaigh. Bíonn comórtaisí ar siúl i gceol, amhránaíocht agus damhsa i “Scór na bPáistí”. 
Gaelscoileanna:  1973 le scoileanna a bhunú trí mhean na Gaeilge.  
Glór na nGael:
Comórtas is ea é seo chun na bailte móra agus sráidbhailte a spreagadh chun an chultúr Ghaelaigh a chur chun chinn. 
Tá 144 bunscoileanna lán Ghaelach  lasmuigh den Ghaeltacht sa tír ag freastal ar 35,000 páistí agus tá 106 bunscoileanna sa Ghaeltacht ag obair i nGaeilge.

Maigh Eo:  Inis dom faoi 1798 i Maigh Eo.
Ar chuala tú faoi Micheál Dáibhéid?
Rugadh é i Sráid, Co.  Mhaigh Eo. D’oibrigh sé go dian agus é in aois ahaondeag bliana d’aois i monarchán i Sasana.  Chaill sé a lámh.  Tháinig sé ar ais go hÉireann agus chuir an bochtanas agus an saol crua na ndaoine isteach go mór air.  Chabhraigh sé agus bhunaidh sé Cumann na dTalún, a chuir an tús le feirmeoirí a bheith in ann a talamh féin a cheannacht agus slí bheatha a bhaint amach as dóibh féin.

1798
Tháinig 1,100 Fraincigh i dtír i gCill Ala le cabhrú le na Gaeil na Sasanaigh a chur amach as an tír.  Bhí troid agus marú fíochmhar agus briseadh go dona ar an nGael.  Glaotar ‘Rásaí Chaisleán an Bharraigh ar teiteadh na Sasanaigh go dtí an baile tar éis an chatha.  Bhí General Humbert i gceannas ar na Fraincigh agus i mí an Mhean Fhómhair a bhí ar an Gaeil géilleadh.
Stoball Hill an cnoc inar maraíodh go leor daoine le na pící.

Scoil Raifteirí:
Scoil Raifteirí bunscoil lán-Ghaelach le 260 páistí, 16 ar an bhfoireann, 10 seomraí ranga suite ar shuíomh álainn i lár an bhaile.  Bunaitheoirí na scoile ná Úna Ní Ghabhláin, Art Ó Súilleabháin agus Antaine Mac Amhlaoibh.  Tá Gaeilge den scoth ag na páistí seo agus grúann siad duaiseanna. Tá an ceol, spórt, drámaíocht ar fheabhas sa scoil. Nollaig Nic Aindriú, Jennifer Ní Lochnáin, Darrach Ó Lóchnáin,  Art Ó Súilleabháin, Seamus Mac Suibhne a bhuaidh craobhacha na h Éireann don Chomhrá i nGaeilge thár na mblianta.

Conradh na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh (1967) Bhí sean craobh ann fadó le Pádraig Ó Lochlainn agus Marcus Ó Flaithearta.  Ar Scéim Timireachta a tháinig Seán Ó Héalaí agus athbhunaíodh an chraobh arís i  1967.  Bhuaidh Caisleán an Bharraigh Comórtas ‘Glór na nGael’ agus ba é Caisleán an Bharraigh an chéad áit a bhuaidh an Trofaí san Iarthair sa Chomórtas sin.  Bhí Úna Ní Ghabhláin mar cathaoirleach ar an gConradh agus mar rúnaí ar Ghlór na nGael.  Bhronn an tUachtarán Éamonn De Valera an Trofaí uirthi sular eirigh sé as a oifig mar Uachtarán na hÉirinn, i 1973. Bhí an tArd Fheis i gCaisleán an Bharraigh cúpla uaire.  Is í Máire Bn. Mhic Róibín a d’oscail an tArd Fheis i Caisleán an Bharraigh 1993 nuair a bhí sí ina Úachtarán ar Éireann. Tá breis ag deichniúr bhaill sa Chraobh, Úna Ní Ghabhláin, Seán O Conghaile, Seán O Héalaí, Stiofán Ó Móráin, Gearóidín Ní Ghruinéil agus go leor eile…..imeachtaí, ciorcal comhrá, cabhrú le béil triail don Ard Teist, oícheanta aitheantáis le aíonna speisialta ms. Póilín agus Áine Ní Chiaráin ó Thuaisceart Mhaigh Eo, Oíche do Tom Tom Shéanín a d’oibrigh le RnaG agus atá le feiceáil ar TG4 ar chlár ‘Comhrá’.
Oonagh Ní Chéilleachair Oifigeach na Gaeilge Co. Mhaigh Eo.
Comhairle Chontae Mhaigh Eo-Gaeltachtaí Marian Uí Mháille
Foras na Gaeilge/Tógra Mhaigh Eó:  Brídín Ní Cheallaigh
Gaeilge sa Connaught Telegraph:  Máirtín Ó Maicín píosa i nGaeilge aige gach seachtain.
TG4 Thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh den chéad uair  Deireadh Fómhair 1996.  Bhí géar gá le cláracha Gaeilge teilisíse agus déanann TG4 an-obair go deo le drámaí  ms. ‘Aifric’, ‘Ros na Rún’. Bíonn díospóireachtaí, cláracha ceoil, An Nuacht agus cuid mhór cláracha eile, ‘Spóirt an Sathairn’  agus cúrsaí staire ina measc. Cláracha do pháistí ná ‘Bogstop’ agus na Cartúin.
Midwest Radio Clár Ceol agus Ealaín le Joe Beirne/Seosamh Ó Broin Rinne sé cláracha sa scoil. 
Radio naGaeltachta: Thosaigh RnaG ag craoladh i 1972.  Ba é an chúis ná gear-éileamh ó mhuintir na Gaeltachta agus ó Ghaelgoirí eile ar fud na tíre ar chláracha Radio dá gcuid féin a bheith acu.  Cuireadh an chéad clár amach ón gCeathrú Rua.   Rinne Máirtín Dáiví cláracha sa scoil le RnaG. ‘Ar mo thaisteal dhom’. Rinneadh Aifreann beo ón scoil don Comóradh Fiche Chúig bliain.
Rinne Seán Ó Healaí ó Acaill craoltóireacht  ar Radio na Gaeltachta cúpla bliain ó shin le ‘Seó Mhaigh Eo’, agus rinneadh cláracha i nGaeilge ar CRC Caisleán an Bharraigh le Gaelgóirí an bhaile.