Anois Teacht Maguire

Anois teacht Ó hÓráin, beidh 'n lá dul chun síneadh
'S tar éis na Féil' Bríde, ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé 'mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh Sam Maguire 'lár Chontae Mhaigh Eo.

Maigh Eo, Maigh Eo, Maigh é-ó (shukka shukka shukka)
Maigh Eo, Maigh Eo, Maigh é-ó (shukka shukka shukka)

I gClár Chlainne Mhuiris bheas mé an chéad oíche,
Caisleán an Bharraigh agus Páirc Mhic Éil,
Go Coillte Mach rachad is ansin Béal an Átha,
Corn Sam Maguire agus Foireann Mhaigh Eo.

Maigh Eo...

Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Go bhfuilim ar ais tar éis seasca haon bliain,
Nuair 'smaoíním ar na blianta gan aon rud a bhuachaint,
Ní raibh sé féaráilte do dhaoine Mhaigh Eo.

Maigh Eo...

Ó Cléirigh, Ó Móráin, Ó Sé agus Diolúin,
Ó Conraí, Ó Conchubhair, Ó Catháin agus Baoill,
An fhoireann ar fad i gceartlár na ndaoine,
Le corn Sam Maguire i lár Chontae Mhaigh Eo.

Maigh Eo...