index/baile | Ceol Index | An t-Aifreann i nGaeilge

 

Tagaimis le Chéile

Tagaimis le chéile chuig an Tiarna, 
Canaimis is tugaimid glóir dó.
Tagaimis le chéile chuig an Tiarna, 
Canaimis is tugaimis glóir dó. 

Ithimis an t-arán beo, Arán na beatha, inniu is go deo.
Éistimid leis an deá-scéal 
Faoi obair Íosa is a shaol. (Cúrfá arís)

 

 

A Thiarna déan trócaire

A Thiarna déan trócaire, 
Abba, Abba Athair, déan trócaire orainn is tabhair dúinn do ghrá, anois is go brách. 

A Chríost déan trócaire, 
Íosa, Íosa a Aon-Mhic, déan trócaire orainn, is tabhair dúinn do ghrá, anois is go brách.

A Thiarna, déan trócaire, 
Abba, Abba, Athair, déan trócaire orainn, is tabhair dúinn do ghrá, anois is go brách.

 

 

Íosa 'Chara mo Chléibh

Íosa 'chara mo chléibh, beidh tú i gcónaí liom, 
Íosa 'chara mo chléibh, Grá agus gean agat dom. (x2)

Íosa, Íosa, Beidh tú liom go deo, 
Íosa, Íosa, 'Fhad is a mhairfidh mé beo.

Íosa 'chara mo chléibh, is tusa mo chara go buan. 
Íosa, 'chara mo chléibh, ó mhaidin go dtéigh mé chun suain.

ceol anseo

 

 

Síocháin agus Uain Dé

Síocháin daoibh go léir, síocháin daoibh go léir, Síocháin, síocháin.
Go raibh síocháin Dé 'nár measc inniu, Síocháin, síocháin.

A Uain Dé, a thógas peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógas peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógas peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.

 

 

Ithigí an tArán Seo

Ithigí an tArán Seo, 
Ólaigí as an gcailís seo. 
Tagaigí chugam is ní bheidh oraibh ocras.
Cuirígí bhúr muinín ionam, 
's ní bheidh oraibh tart.

Chéad Cúrfá: An té a itheann an t-arán seo, Mairfidh sé go brách. 
Dara Cúrfá: An té a ólann an fion seo, Mairfidh sé go brách.

ceol anseo

 

 

Is é an Tiarna m'Aoire

Is é an Tiarna m'Aoire 
a thugann aire dom. 
Tá aisling lán de ghrá aige dom, 
Aisling lán de ghrá, 
Treoraíonn sé mé.

Cuid den am is mé tuirseach
Faoi ghruaim nó liom féin, 
Imíonn na deora uaimse
Le fáilte mhór romhat féin. 
Treoraíonn tú mé.

Tugann tú dom bia, 
Beanaionn tú mé gach lá, 
Iarann tú orm suí go deo
I do bhaile féin go sámh. 
Treoraíonn tú mé. 

ceol anseo


 

 

 

Suantraí na Maighdine

Adhraim mo leanbh beag tagtha ar an saol
Codail a linbh go sámh
Adhraim a laige is a loime nocht fhaon
Codail a linbh go sámh

Inis a ghrá liom id luí sa mhainséar
Inis cén fáth dhuit bheith sínte sa bhféar
Is tú Coimdhe na nGrásta ‘gus Íosa Mac Dé
Codail a linbh go sámh (x2)

A Mhuire, a Mháthair ‘s a Mhuime mhín tséimh
Codail a linbh go sámh
Is mé Coimdhe na nGrásta ‘gus Íosa Mac Dé
Codail a linbh go sámh

Ach go beo-bhocht a tháinig le mian ar an saol
Chun deoraithe fánacha a shaoradh ón éag
‘S nuair a chrochfar in airde mé claonfad chugam féin
Codail a linbh go sámh (x2)

 

 

Bí a Íosa, grúpa 1 (Ranganna 3+4)

Bí a Iosa im’ chroíse i gcuimhne gach uair
Bí a Iosa im chroíse le haithrí go luath
Bí Íosa im’ chroíse le dúthracht go luath
A Íosa, Dhia dhílis, ná scar choíche uaim (x2)

Bí a Íosa go síoraí im’ chroí is im’ bhéal
Bí a Íosa go síoraí im thuigse ‘s im’ mhéin
Bí a Íosa go síoraí im’ mheabair mar léann
‘S a Íosa Dhia dhílis, ná fág mé liom féin (x2)

Áimean

 

Bí a Íosa, grúpa 2 (Ranganna 5+6)

Bí Ío-sa im’ chroíse gach uair
Bí go lu-ath, bí Íosa im chroíse le dúthracht
Go luath, a Íosa, Dhia dhílis
Ná scar choíche uaim (x2)

Bí Ío-sa im’ bhéal im’ bhéal
Bí im’ mhé-in, bí Íosa go síoraí im’ mheabair mar lé-ann
‘S a Íosa Dhia dhílis,
Ná fág mé liom féin (x2)

Áimean

 

 

Seo é an Lá

Can, can, can alleluia, 
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn. 
Seinn, seinn seinn alleluia, 
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn.

Bíodh orainn gliondar is áthas, 
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn, 
Bíodh orainn gliondar croí, 
Seo é an lá

Seinn ceol ag moladh an Tiarna, 
Seo é an lá 'thug an Tiarna dúinn.
Casaigí amhráin is ceol, 
Seo é an lá.

 

Tá Brón Orm

Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm,
Gur ghortaigh me tú inniu ar scoil,
Ach ba mhaith liom bheith cairdiúil arís,
Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm.

Ó am go chéile i lár cluichí
Éirím crosta, ní bhím ag spraoi,
Ní bhím go deas leat, ní fheadar cén fáth,
Ach anois ba mhaith liom rud a rá:

Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm,
Gur ghortaigh me tú inniu ar scoil,
Ach ba mhaith liom bheith cairdiúil arís,
Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm.

Ó am go chéile insím scéalta
Nach bfuil fíor, níl ann ach bréaga,
Ní bhím go deas leat, ní fheadar cén fáth,
Ach anois ba mhaith liom rud a rá:

Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm,
Gur ghortaigh me tú inniu ar scoil,
Ach ba mhaith liom bheith cairdiúil arís,
Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm.

 

 

Ár n-Athair

Nasc eile (Ár n-Athair)

 

 

An Cóineartú:

 

1: Lách, 2: Foighneach, 3: Séimh, 4: Grámhar.

 

 

 

Ceol le cloisteáil anseo

Veni, Creator Spiritus,
mentes tuorum visita
Imple superna gratia
Quae tu creasti pectora

Qui diceris Paraclitus.
Altissimi donum Dei.
fons vivus, ignis, caritas.
Et spiritalis unctio. Amen.

 

Creator-Spirit, all-Divine,
Come, visit every soul of Thine,
And fill with Thy celestial flame
The hearts which Thou Thyself didst frame.
O gift of God, Thine is the sweet
Consoling name of Paraclete—
And spring of life and fire and love
And unction flowing from above.