Timpiste Bhóthair

Lá fuar geimridh a bhí ann. Bhí an chlann ar fad ag taisteal chuig Baile Átha Cliath ar deireadh seachtaine. Ní raibh tú in ann tada a fheiceáil tríd an ceo. Oíche fhuar a bhí ann  aréir agus bhí leac oighir dubh ar na bóithre ar fad.

Chonaic muid carr éigin ag sleamhnadh ar an taobh eile den bhóthar, agus is beag nár bhuail sé crann ar thaobh an bhóthair. Shroich muid an siopa Applegreen nuair a chonaiceamar timpiste ag tarlú díreach os ár gcomhair. Tháinig carr isteach sa charr chlós i bhfad ró-thapaidh agus shleamhnaigh sé isteach ar chúl an chairr os a chomhair. Bhuail an dara carr crann mór.

Dúirt Daid linn fanacht ar an gcosán agus ghlaoigh sé 99 ar an bhfón poca. Duirt an bhean ar an bhfón go mbeadh sé deich roimh go dtiocfadh an t-otharcharr ansin. Chuaigh Daid thall go dtí na carranna. Bhí páiste óg ag screadaíl  o charr amháin. Ghlaoigh Daid uirthí, ag rá lei go beidh otharcharr ansin i gceann cupla noiméad. Chuala muid an t-otharcharr ag rásaíocht síos an bothar ar nós na gaoithe.

Ar ball, stop sé in aice leis an timpiste agus thuirling banaltra agus dhá dhochtúir den otharcharr. Rith siad chuig an chéad charr. Idir an dá linn, tháinig briogáid dóiteáin isteach sa charr chlós. Fuair an áit plódaithe agus dúirt dochtúir linn fanacht siar ón timpiste. Sa deireadh, fuair siad na daoine bochta ón gcarr agus scúdaigh siad iad. Bhí cos briste ag beirt acu ach bhí fear amháin a bhí gan mheabair ar an talamh. Tógadh é chuig an ospidéil.

D’fhág an slua ansin agus d’fhág muidne comh maith i dtreo Baile Átha Cliath. Chuala muid faoin timpiste ar an nuacht an oíche sin agus bhi mé sa phictuir. Bhi an turas sin chuig Baile Átha Cliath an-chorraitheach ar fad.

Seosamh (2015)