Description: http://www.rte.ie/presspack/files/2013/10/Marty-and-Sinead-edit.jpg

 

Mise ar Chlár Teilifíse!

Description: https://encrypted-tbn3.gstatic.com/images?q=tbn:ANd9GcTJAfioCnnz5LUp4Klv2lieLcLElSRcJ2u1JMfJxKSZa0hUtvcO


An Satharn a bhí ann. Ní raibh aon rud le déanamh agam. Bhí tuirse orm. Chuaigh mé a chodladh go luath agus thosaigh mé ag brionglóid…….


Bhí mé ag siúl síos bóthar leis an madra nach raibh mé air riamh. Tar éis nóiméad nó dhó, stop an madra ar thaobh an bhóthair agus chuaigh sé go dtí an leithreas. Sheas mé ansin ag fanacht agus ag féachaint thart timpeall. Chonaic mé rud éigin sna crainn. Nuair a bhí an madra críochnaithe, shiúil mé chuige. Nuair a tháinig mé níos giorra, chonaic mé gur ticéad do ‘Winning Streak’ a bhí ann. Bhí trí réalt air. Bhí mé ar bís. Rith mé abhaile, líón mé suas é agus chuir mé sa phost é. Cúpla oíche tar éis sin, d’fhéach muid ar ‘Winning Streak’. Thóg said amach ceithre thicéad agus cén t-ainm a bhí ar an gceann deireanach? Siobhán Uí Shúilleabháin, mise! Bhí mé ar bís, ag léim suas ‘s síos.

Tháinig an lá chun dul go dtí an clár. Fuair an chlann go léir bus go dtí an áit agus rinneamar póstaer don chlár. Shroich muid an stiúideó. Isteach ansin bhí  Marty Whelan agus Sinéad Kennedy chun fáilte a chuir romhainn. Bhí mo chlann sa lucht féachana agus bhí mise ar an ardán. Bhí an clár ag tosnú i gceann nóiméid.

Nuair a thosaigh an clár, thosaigh gach duine ag screadaíl. Nuair a bhí sé mo sheans, fuair mé 30,000 euro agus carr! Tús maith a bhí ann! Nuair a bhí an cúigiú duine déanta, bhí an chéad cluiche eile ar siúl. Fuair an chéad duine 20,000 euro, an dara duine 25,000 euro agus fuair mise 15,000 euro agus laethanta saoire. Fuair an bheirt eile 30,000 euro. Bhíomar an-sásta agus bhí mé ag déanamh go híontach.

Ba é ‘wheel reveal’ an cluiche deireanach. Bhí duine chun bhuachaint agus bhí mé neirbhíseach. Ar mo chéad seans fuair mé roth daite agus fuair beirt eile roth freisin. Nuair a fuair mé an dara roth, bhí gach duine ag seasamh, ag súil go mbeadh trí roth agam. Tháinig mo sheans arís. Bhí aghaidh dearg orm ag iarraidh an roth a fháil. Phioc mé uimhir a trí agus fuair mé an roth. Bhí mo chlann go léir thar an ngealach!

Chuaigh mé suas agus chas mé an roth mór. Chuaigh sé timpeall agus timpeall. Bhí mo chlann ag béiceaíl. Ansin stop an roth agus céard a bhí an?... Aon million euro! Bhí mise ‘s mo chlann thar barr. Cad a ndéanfaidh muid leis an méid airgid seo?


Go tobann dhúisigh mé. Bhí díomá an domhain orm. Bhí mé i mo leaba gan aon airgead. Thosaigh mo chlann ag gáire nuair a d’inis mé an scéal dóibh.

 

Sinéad, 2014

 

 

Mise ar Chlár Teilifíse


Lá amháin i rang a ceathar dúirt Múinteoir Máire linn go mbeadh   teist againn chun féachaint cé a bhí ag dul ar chlár teilifíse darbh ainm ‘Bog Stop’. Bhí an rang go léir ar bís agus bhí gach duine ag iarraidh áit a fháil ar an gclár. Thug múinteoir Máire deich gceist dúinn faoi Mhata , Béarla, Gaeilge agus Stair. Nuair a cheartaigh sí an teist fuair seisear daoine áit ar an bhfoireann. Aoibhinn, Ciara A, Oisín, Ben, Cillian agus mise. Bhí áthas an domhain ar gach duine.
Chuaigh muid go dtí `Bog Stop ‘ ar an mbus. Chuaigh an rang ar fad chun tacaíocht a thabhairt dúinn. Rinne said póstaer chomh maith. Nuair  a shroich muid Gaillimh chuaigh muid go dtí an Bosca Dubh. Bhí dhá scoil eile ann chomh maith ó Gaillimh.
Níor a chuaigh muid isteach bhí orainn cleachtadh a dhéanamh. Bhí  eagla orm agus bhí mé an neirbhíseach roimh an gclár. Thosaigh an clár go luath. Bhí duine amháin ón ghach scoil in aghaidh a chéile. Chuir an láithreoir ceist ort agus má bhí an freagra ceart agat bhí tú in ann léim o bhosca go bosca agus bhí bua ag an duine a bhí na pointe is mó acu. Bhí mé sa dara áit. Bhí an-spraoi againn. Bhí an bua ag cailín ó Ghaillimh.
Ní raibh an clár sin ar an teilifís ar feadh bliana ina dhiaidh sin. Bhí áthas ar gach duine nuair a chonaic siad mise ar an teilifís! Thug mamó cárta agus deich euro dom mar bhí sí brodúil asam!   


Ailís