An t-Ionad Siopadóireachta

Lá amháin, Chuaigh mise agus cúpla de mo chairde; Cadhla, Caitríona agus Cáit go dtí an t-ionad siopadóireachta nua i mBaile Átha Cliath.

Chuaigh muid ansin i dtraein agus bhí an-sceitimíní orainn ar fad. Mhothaigh muid go rabhamar sa traein ar feadh trí lá in ionad trí uair! Fuair muid ansin ar a 3:30pm agus bhí ocras an domhain orainn.

Chuaigh muid go dtí Tesco chun buidéal Cóc a fháil agus ansin go dtí Nandos chun bia a fháil. Fuair gach duine sicín peri-peri agus bhí sé cathaiseach. Chuaigh muid go dtí siopaí mar Penney’s, New Look, H&M, Elvery’s, River Island agus alán ceann eile.

Nuair a bhí muid ag siúl go dtí an doras ar an mbealach amach, chualamar duine a bhí ag obair sa siopa seodra ag screadaíl “Stop an fear sin!” Chonaic muid an gadaí ag rith chuig an dorais le diamant ina lámh aige.

Thosaigh Caitríona ag screadaíl agus thit an buidéal Cóc agus dhoirt sé i ngach áit. Shleamhnaigh an gadaí, dhún Cadhla an doras, thóg Cáit an diamant amach as a lámh agus dúirt mé an scéal don úinéar.

Thug sé €100 dúinn mar dhuais. Bhí an-áthas orainn agus bhí lá iontach againn. Steall muid an t-airgead go flúirseach an lá sin.
Aíobhe (2015)

 

 

Osclaíodh ionad siopadóireachta nua sa bhaile. Ba é an t-ainm ná “An Sypro”. Dúirt cúpla de mo chairde go raibh cead acu dul chuig an t-ionad siopadóireachta. Chuir siad ceist orm an raibh cead agam dul in éineacht leo. Dúirt mo mhamaí agus mo dhaidí “ceart go leor”.

Nuair a tháinig an Satharn, shiúil me go dtí an t-ionad siopadóireachta. Chas mé le mo chara. Bhí cúigear againn ansin: Edward, Colm, Máire, Tómas agus mise.

Chuaigh muid go dtí an siopa ceoil. Cheannaigh Colm feadóg. Bhí sí gorm. Chuaigh muid go dtí HMV ansin. Fuair mise agus Tómas FIFA 15. Cheannaigh Máire albam One Direction ach níor cheannaigh Colm nó Edward aon rud.
Chuaigh muid go Eason’s ansin. Bhí na gardaí ansin le fear mór. Ba é gadaí i mo thuaraimse. Fuair Edward leabhar darbh ainm Seeker. Tar éis sin, fuair muid uachtar reoite. Ní doigh liom gur thaitin sé liom mar bhí mé ag mothú tinn. Chuaigh mé abhaile ansin.

Cheap mé gur lá iontach a bhí ann. Is breá liom an “Sypro 2.”

Micheál (2015)

 

 

Chuir mé glaoch ar Aoife agus dúirt mé léi go raibh ionad siopadóirachta  nua sa bhaile mór. Bhí Aoife ar bís. Chuir mé ceist ar mo mhamaí. Agus chuir Aoife ceist ar a mamaí an raibh muid in ann dul go dtí an t-ionad siopadóireachta. Dúirt siad “tá cead agaibh dul.” Bhí áthas an domhain orainn

Chuamar ar an Satharn ar a trí chloig. Nuair a thángamar ansin, thosaíomar ag féachaint. Chonaic mé Claire’s. Bhí sceitimíní orm. Chuamar isteach sa siopa. Cheanaigh Aoife fáinne agus cheannaigh mé braisléad.

Chuaigh muid go dtí KFC. Bhí an t-am ag imeacht uainn.  Ar aghaidh linn do H+M. Bhí muid ag féachaint ar bhróga deasa.

Bhí sé am chun dul abhaile agus bhí brón orainn. Ba lá an-deas é!

Éilis (2015)