Fadhbanna ag Daoine Óga Inniu

 

Tá go leor fadhbanna ag déagóirí sna leathanta seo. Is am dúthlánach imníoch é a beith óg sa lá atá inniu ann.

Is rud tabhachtach cairde a bheith ag daoine óga ach go minic bíonn brú piaraí ann. Tá mí-úsaid an óil agus na drugaí le feiceáil i ngach áit. Muna ndéanann daoine óga na rudaí seo bíonn siad fágtha amach as an ngrúpa. Tarlaíonn bulaíocht agus ní bhíonn siad in ann seasamh suas leo féin.

Bíonn an iomarca comórtais idir scoláirí mar gheall ar stíl gruaige, bróga, smidiú agus brandalaí éadaí a chaitheann siad. Bíonn brú ar chailíní a beith tanaí agus is minic nach n-itheann siad a ndóthan nó éiríonn siad anorexic. Bíonn easpa muiníne ag roinnt páistí agus tógann siad an rogha mícheart.

Tá fón póca ag an gcuid is mó déagóirí sna laethanta seo. Is féidir leo a bheith ar an idirlíon am ar bith. Tá go leor rudaí maithe le fáil ar an idirlíon ach is rud dáinséarach é freisin. Cloisimid scéalta faoi féin mharú daoine óga de bharr cyber-bulaíocht nó teachtaireacht fón póca a bhfuair siad.

Tagann a lán de na fabhbanna atá ag daoine óga leis an nua aois teicneolaíochta atá againn inniu. 50 bliain ó shin, ní raibh móran ag daoine óga, ach bhí siad sona sásta.                                                                                                 
                                                                        
Le Caitríona (2015)

 

 

 

Bíonn a lán fadhbanna ag daoine óga na laethanta seo.Tá a lán fadhbanna daoine 12 go dti 18, mar shampla, bulaíocht, cibearbhulaíocht, alcól, drugaí, dúlagar (depression) agus a bheith ró-throm.

Uaireanta nuair a bhíonn daoine óga trom, bíonn bulaíocht déanta orthu.  Ach uaireanta bíonn sé an bealach eile; bíonn daoine ró-thanaí. An chuid is mó den am, bíonn cailíní ag iarraidh a bheith mar dhaoine cailúla agus ní itheann siad. Má éiríonn se an-deacair, bíonn rud éigin darbh ainm anaireicse acu.

Tá cibearbhulaiocht an-choitianta in Éirinn agus i Meiriceá. Bíonn cibearbhulíocht ar siúl ar líonláithreáin mar shampla Viber, Instagram, Facebook agus Twitter. Tá fón póca ag 95% de dheagóirí agus ta sé an-éasca chun bulaíocht a dhéanamh ort ar an idirlíon.

Nuair a bhíonn bulaíocht déanta orthu go minic, tagann dúlagar orthu. Nuair a bhionn daoine in iseal aicme, uaireanta tógann siad drugaí nó toitíní. Nuair a thógann daoine toitiní agus drugaí, ní bhíonn siad in ann a n-intinn a dhíriú ar scoil. Faigheann siad an-tinn.

Cadhla (2015)

 

 

Bíonn a lán fadhbanna ag daoine óga. Nuair a bhíonn daoine atá 10-18 amuigh ag siopadóireacht, nó áit éigin ina n-aonar, bíonn siad ag brath ar a nguthán. I mo thuarimise, ceapaim go bhfuil daoine óga inniu i gcónaí ag brath an iomarca ar theicneolaíocht.

Bíonn daoine nos sine, mar 14-18 bliana d’aois, curtha ina luí chun drugaí a thógáil nó goid ó, shiopa chun rudaí mar alcól nó toitíní a fháil.

Uaireanta, nuair a chailleann daoine óga rudaí mar an luchtaire don fón nó iPad dar leo go gurb é an deireadh den domhan agus tá siad chun bás a fháil. Ceapaim go bhfuil sé am chun SCITH A LIGEAN!

Má bhím dána (uaireanta) tógann mo Mham uaim do LÁ IOMLÁN sé sin 24 uair a cloig!
Bíonn a lán fadhbanna ag daoine óga: uaireanta mór, uaireanta beag, ach caithfidh tú a fháil tríothu.

Amina Rouibet (2015)