Príomhoide: Niamh Uí Raois
Bainisteoir: Fionntán Ó Murchú

 

Suaitheantas 2021

 

Suaitheantas 2010-2021

Suaitheantas Gaelscoil Raifteirí:

Is iad dathanna glas agus dearg dathanna an chontae
Is é dúghorm dath an sainéide scoile

An Iúbhar (the yew): Crann an chontae
Peann agus Páipéar: Litríocht agus Foghlaim
An Fidil: Ceol agus Cultúr

Ciallaíonn Fortis cadere, cedere non potest 'The brave shall not fail'
Ní neart go cur le chéile means 'Progress through working together'

 

 

Cé hé Antaine Raifteirí?

 

 

Eolas Gaelscoil Raifteirí 
Sprioc Ráiteas Gaelscoil Raifteirí-Mission Statement:
 ‘Ní neart go cur le chéile!’
Is muidne baill de Bord Bainistíochta, Foireann agus Tuismitheoirí Gaelscoil Raifteirí atá ag tacú le Gaeilge le chéile ar son oideachas ár daltaí óga ina iomláine.
Is bun scoil lán-Ghaelach í Gaelscoil Raifteirí atá suite ar shuíomh bhuan Fhaiche an Aonaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i gCo. Mhaigh Eo, a fheidhmíonn faoi rialacha an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Bunreacht Gaelscoil Raifteirí. Sa Ghaelscoil seo ina bhfuil éiteas Chaitileach faoi Phatrún an Easpaig, an Dr. Mícheál Ó Náraigh atá oideachas den chéad scoth curtha ar fáil do bhuachaillí agus cailíní óga.  Bunaíodh an scoil sa bhliain 1983 sa sean scoil de cuid Eaglais na hÉireann, áit a bhfuil Leabharlann Uí Mháille suite inniu.  Ceannaíodh an suíomh le seacht seomraí réamhdhéanta sa bhliain 1989 agus osclaíodh an forgnimh buan sa bhliain 1999.
Ofráltar gach ábhar ar an gCuraclam Bunscoile Nua Leasaithe (2000) do na daltaí le freastal éifeachtiúil ar riachtanais scoile agus aonarach na páistí scoile faoi stiúr an fhoireann teagaisc spreagúil le tacaíocht na dtuismitheoirí. Cothaítear meas agus dílseacht ar thraidisiún, ar chreideamh agus ar oidhreacht  Ghaelach. Spreagtar dul chun chinn agus misneach i ngach dalta san fhoghlaim ghníomhach atá curtha ar fáil le na modhanna múinte, acmhainní agus fearas den scoth. Castar le na páistí go féaráilte agus go hionraic sa chaoi go spreagtar meas agus grá sna páistí dá baile féin, don scoil, don oideachas, do mhúinteoirí agus dá gcáirde. Táimid mar phobal scoile ag tacú agus ag foghlaim le chéile  i gcónaí chun na spriocanna is aoirde a bhaint amach.

 

Do  pháistí  na scoile agus mar ionad oideachais déanaimid ár ndícheall:
For the pupils attending our school we do our best to provide:

Grá don Ghaeilge agus don fhoghlaim a chothú sna daltaí, agus scileanna a spreagadh ionas go sroichfear poiteinseáil
A love of Gaeilge and of learning, a knowledge of how to learn and the motivation to reach their potential

Feasacht ar an timpeallacht áitiúl agus meon dearfach a chothú chun féin smacht a bhaint amach, neamhspleachas an duine go haonárach, grúpaí agus náisiún agus caoinfhulaingt daoine eile.
An awareness of the immediate local environment and an attitude which leads to self-discipline, independence of individuals, groups and nations and tolerance of others.

Aigne fiosrach bríomhar, agus cumasc ceistiúchán agus cinntí eolasach a dhéanamh
A lively and enquiring mind the ability to question and make informed decisions

Curaclam leathan agus cothrom a chur ar fáil
A broad and balanced curriculum

Co-oibriú agus cumarsáid éifeachtach idir na baill i bpobal na scoile
Co-operation and effective communication between all members of the school community

Feasacht ar pháiste ar a thailinne féin a atitint, chomh maith le scileanna agus curacalam a fhorbairt
An awareness of the child’s own talents, skills and curriculum

 

Fís na Scoile:
Is scoil Lán-Ghaelach í Gaelscoil Raifteirí. Ó gheata na scoile isteach, labhrófar an Ghaeilge i gconaí agus béimid uilig dílís agus brodúil asti.  Cothaífear suim, dílseacht agus líofacht sa Ghaeilge faoi stiúradh na n-oidí.  Beidh atmasféar Ghaelach le bhraith ón bhfoireann.  Beidh teagasc ina mbeidh grá don Ghaeilge le feiceáil á leathnú amach agus á scaipeadh sa chaoi go labhrófar an teanga go líofa nadúrtha le múinteoirí, le tuismitheoirí, le cairde agus le cuairteoirí uilig na scoile.  Beidh an-mheas agus tuiscint ag páistí na scoile ar chultúr agus oidhreacht saibhir Gaelach ár shinsir, sna rincí, ceol Ghaelach, drámaíocht, scéalaíocht, ealaín, filíocht agus amhránaíocht na tíre seo. 

 

School Vision:
Gaelscoil Raifteirí is an All-Irish Primary School. From the time a pupil enters the school gate, until he leaves the school property the Irish language will be spoken proudly and loyally at all times.  Language fluency combined with a keen interest to utilise and improve learning for all pupils will be fostered under the guidance of our committed teaching staff.  An Irish atmosphere will be nurtured and encouraged by the staff and will flourish naturally in our school.  The love of the Irish language and all things Irish will be fostered and encouraged, so that  it flows naturally from pupils to teaching staff, parents, friends and visitors to our school.  The pupils of Gaelscoil Raifteirí will have a great understanding, respect and regard for Irish culture and the rich heritage of our ancestors, through active participation in dance, music, history, drama, stories, folklore, legends, art, poetry and the songs of our country.

 

Bunreacht Gaelscoil Raifteirí:   Gaelscoil Raifteirí’s Constitution
Is bunscoil í Gaelscoil Raifteirí a fheidhmíonn go hiomlán faoi Rialacha na Roinne Oideachais, faoi stiúr an Bord Bainistíochta.  Is é a Ghrásta Ardeaspag Thuama patrún na scoile.  Is é príomhchuspóir na scoile oideachas a chur ar fáil trí Ghaeilge do pháistí bunscoile.  Tá an scoil suite i bhFaiche an Aonaigh, i gcroíláir an bhaile.
Gaelscoil Raifteirí is a primary school that operates under the Rules and Procedures of the Department of Education and Skills, under the direction of the Board of Management. His Grace, Archbishop Michael Neary is the patron of the school. The primary objective of the school is to provide an education through the medium of the Irish language to primary school children.  The school is located in Fairgreen,  in the heart of Castlebar.

 

Is  Scoil Chaitliceach í Gaelscoil Raifteirí atá bunaithe le cead an Aire Oideachais agus Scileanna. Tá na haidhmeanna ann do fhorbairt phearsantacht an pháiste go hiomlán ó thaobh :  intleacht, fisiciúileacht, cultúir, móráltacht, spioradáltacht, chomh maith le gaol le Dia agus le daoine eile a fhorbairt.  Múnlaíonn agus cothaíonn an scoil saol maith tré creideamh i nDia, bás agus aiséirí Íosa Críost. Cuirtear oideachas Reiligiúnda ar fáil sa scoil Chaitliceach seo do dhaltaí de réir traidísiúin, cleachtadh agus múineadh na hEaglaise Naofa Chaitliceach, agus mar gheall ar seo go forbraífear na bpáistí sa Chreideamh Chaitliceach.
Gaelscoil Raifteirí is a Catholic school that was founded with the permission of the Minister for Education.  The primary objectives are the full development of personality of the child with regard to: intellect, physical, culture, moral, spiritual, as well as growing and nurturing a positive relationship with God, parents, family and with all people.  The school fosters and encourages the good life for all through faith and belief in God, death and resurrection of Jesus Christ.  Religious education is provided in this Catholic school for children according to tradition, practice and the teaching of Holy Catholic Church, and because of this the children develop the Catholic faith. 

 

 


"Ní neart go cur le chéile"

 

 

Bunaíodh Gaelscoil Raifteirí sa bhliain 1983. Tógadh an foirgneamh nua sa bhliain 1998.

What is a Gaelscoil?

· A Gaelscoil is a national primary school with full Department of Education recognition.
· All subjects are taught in accordance with the rules of the Department.
· The Gaelscoil is a public school recognised, subsidised and inspected by the Department.
· Co-educational schooling allows children to be educated in a more natural environment.
· There are 19,000 pupils in 101 schools, employing over 700 teachers in Gaelscoileanna outside the Gaeltacht regions.
· In Mayo we now have four Gaelscoileanna.

 


back to top