Click here to see this map, which highlights all the places described below

It will minimise itself as you use this page, for you to call up when you need it.
The red numbers on this page correspond to the numbers on the map.

 

Stair an Bhaile

Seo eolas faoi stair an bhaile

Armas Chaisleán an Bharraigh


1 Ainm an bhaile: Cuireann an caislean i gcuimhne dúinn gur thóg an chlann Normannach De Barra caisleán san áit atá Sr. an Chaisleáin inniu. Níl aon chuid den chaisleán seo le feiceáil inniu.
2 An dá chrann iubhar: Is é Caisleán an Bharraigh an suíomh de Áras an Chontae, Mhaigh Eo. Is é siombal den chontae an iubhar, nó 'eo', (agus atá san ainm 'Maigh Eo').
3 Na croiseanna: Ainm eile ar Pharóiste Chaisleán an Bharraigh ná 'Paróiste Eaglaise', an sean ainm a bhí ar an limistéar roimh theacht na Normannach. Taispeánann na croiseanna go raibh Críost san áit ó fhadó, fadó.
4 Pikes: D'úsáid na hÉireannaigh pikes nuair a bhí siad ag troid leis na Francaigh i gcoinne na Sasannach i gCaisleán an Bharraigh sa bhliain 1798.
5 Is é mana an bhaile ná "Ar Aghaidh".


 

There are five elements on the
Coat of Arms of Castlebar

1 The name of the town is commemorated by the introduction of the Castle of the Barrys.
2 Two Yew Trees are depicted because Castlebar is the Capital of Mayo,which is the Anglicised form of Maigh-Eo i.e. Plain of the Yew Trees.
3 The Parish of Castlebar is officially known as the Parish of Aglish, which means the Parish of the Church and the reproduction of Crosses in the Coat of Arms is an heraldic device to refer to the Church.
4 In the Battle of 1798, the weapon used by the Irish participants was the Pike, and two crossed Pikes are introduced to commemorate this victory over the Red Coats.
5 The motto of the Town is " Ar Aghaidh " - Forward.

 

 

 

Léirmheas ar an mbaile sa bhliain 2009

Chuaigh an dá Rang 5 timpeall an bhaile le Brian Hoban ar an 09.09.09

 

 

1: Áitreabh (premises) le bricí dearga

Tógadh an áitreabh seo i 1786.
Bridewell, nó príosún, a bhí ann, uair.

 

 

 

Tugadh an teideal an "Prima Donna"
ar an soprano cháiliúil Margaret Burke Sheridan nuair a chan sí i Milan

Rugadh í sa teach seo (2)

 

 

 

 

3: Tithe Seoirseacha (Georgian Houses)

Tá roinnt gnéithe suimiúla ailtireachta anseo, ach go háirithe na doirse.
Bhí cónaí ar an uasaicme anseo: daoine a bhí ag obair do Stát Seirbhís Shasana.

 

 

 

4: The Imperial Hotel

Bunaíodh an t-ostán seo i 1785. Ostán Uí Dhálaigh a tugadh air.
Tá gnéithe den Ré Elizabethan fós le feiceáil,
msh. an ailtireacht timpeall na doirse, agus an lampa gáis.

 

 

Istigh san fhoirgneamh, tá painéal álainn déanta as dair.

Stopfadh an chóiste a thabharfadh an post ó Bhéal Átha na Slua go Cathair na Mart anseo.

 

 

 

 

 

5: Church of Christian Fellowship

Nochtaigh John Wesley an leacht dúshraithe (foundation stone) don Eaglais Methodist anseo i 1785.
Ba é an t-aon eaglais Methodist sa tír a thosaigh Wesley é féin.

 

Ba dheartháir é John Welsey le Charles, a scríobh Hark the Herald Angels Sing.

 

 

 

 

6: Christchurch



The Protestant church was built in 1739 at Mountain View and originally it had a thatched roof. The architect was Richard Cassels.

The church was badly damaged and the roof burned in 1798 during the "Castlebar Races." The Rector in 1798 was Rev. Thomas Ellison, a man much feared by Catholic people.

In January 1839, on the night of the "Big Wind", one of the spires was blown down but it was replaced soon afterwards.

After 1798 it took thirty years to restore the church and put on a new slated roof. When this was completed in1829 a high wall was built around the church for protection. Part of this wall was taken down in 1845 when the statue of General George O'Malley was erected. The church can seat 450 people.

Tá an Eaglais Anglacánach seo ar cheann de na foirgnimh is sine ar an mbaile.
Bhí an chéad chloch leagtha i 1739. Bhí ceann tuí ar ag an am seo.
Rinneadh an-chuid damáiste i rith na troda sa bhliain 1798.

Rinneadh athchóiriú ar an eaglais in 1828.

 

 

Seo dealbh cuimhneacháin ar Ghinearál George O'Malley.
Throid sé in airm na Breataine i Meiriceá Thuaidh,
san Éigipt agus ar fud na Meánmhara.
Fuair sé bás i 1847 agus tá sé curtha i Mainistir Murrisc.

 

 

 

 

7: Seanscoil ar an bhFaiche

Seanscoil a bhí anseo i rith an ghorta.
Bhí páistí in ann oideachas a fháil dá n-athróidís
ón gcreideamh Chaitliceach go dtí an chreideamh Phrotastúnach.
Thabharfaí "Jumpers" ar na daoine a d'athraigh creideamh.

 

 

 

 

 

Bhíodh beairic mharcslua (cavalry barracks) na Breataine anseo sa 19ú aois.
Níl fágtha anois den tseanbheairic ach deilbh an dá leon
atá suite ar dhá thaobh an dorais de stáisiún na nGardaí. (8)

 

 

 

Tógadh an Teach Cúirte (9) i 1834.

Tá roinnt gnéithe suimiúla ailtireachta anseo go háirithe timpeall na bhfuinneog
agus na colúin Gréige clasaiceach Doric. Tá na colúin déanta as iarann.

 

Bhí an chéad chruinniú ag Comhairle Chondae Mhaigh Eo anseo i 1899.

 

 

 

10 Crochadh Éireannaigh ón gcrann seo (the Hanging Tree)

Thit sé sios sa bhliain 1918

 

 

11: Beairic an Airm (infantry barracks)

I 1691, bunaíodh garastún (garrison)i gCaisleán a' Bharraigh.
Bhí reigimintí éagsúla de Airm na Breataine ar an mbaile ón am sin msh. na Connaught Rangers.
Bunaíodh an Bheairic atá anseo faoi láthair i 1834.
Dódh cuid den bheairic le linn an Chogaidh Shibhialta i 1922.

 

 

 

12: Teach Burleigh

Thóg an Tiarna Leamhchán (Lord Lucan) an teach seo don Ghinearál George O'Malley.
Duine de chlann uasaicmeach a bhí ann a throid le hAirm na Breataine.

 

 

 

13: Lána Cavendish (Cavendish Lane)

Fuair sé a ainm ón Tiarna Frederick Cavendish,
a bhunaigh an Connaught Telegraph sa bhliain 1828.

 

 

14: Connaught Telegraph

Bhunaigh an Tiarna Frederick Cavendish an Páipéar i 1828.
Foilsíodh an chéad eagrán ar Lá Fhéile Pádraig 1828.
Is é an páipéar proibhinsil is sine atá á foilseadh in Éirinn anois.

 

 

 

 

16: Cearnóg an Mhargaidh

Bhíodh margaidh anseo gach Satharn.

Dá mbeadh seastán (stall) agat, bheadh ort cíos a íoc leis an Tiarna Talún.
Dá mbeadh díon air, bheadh ort dhá scilling a íoc. Bhí sé scilling amháin gan díon.
Tá an pictiúr thuas c. 1956

 

1940

 

 

 

 

17: Sr. an Mhargaidh

Bhíodh seamlas (abbatoir, slaughterhouse) anseo.
Maraíodh ainmhithe, agus théadh an fhuil isteach san abhainn.

 

 

 

 

18: Seo an abhainn. Féach ar an mbruscar!

Ritheann an tSiúir tríd an baile.
Théadh an abhainn síos Sr. an Chaisleáin tráth, ach rinneadh athdhíriú uirthi in áiteanna.
Tá na céimeann seo le hais na habhann chun seans a thabhairt do dhaoine éadaí a ní agus uisce a fháil.

 

 

 

19: Séipéal an Phaidrín Naofa (Church of the Holy Rosary)

Tógadh an foirgneamh mór álainn seo sa bhliain 1901

 

Bhí sé nua go leor nuair a tógadh an pictiúr seo

 

 

 

Seo an sean séipéal

Tógadh na pictiúirí seo thart ar 1890

 

 

 

 

 

 

20: Halla an Línéadaigh

Thóg na plandálaithe a tháinig ó Chontae Aontroma timpeall 1790 an foirgneamh seo.
Díbríodh iad óna n-áit dhúchais, ach shocraigh an formhór acu sa tsráid nua New Antrim Street.
Bhunaigh siad tionscail línéadaigh sa limistéar, agus úsáideadh an halla chun é a stóráil.

 

The Linen Hall was built in 1790 by the Second Earl of Lucan and used as a clearing house for the local linen industry.
It is one of the oldest buildings in the town
The Linen Hall was the central depot where all the linen yarn from Mayo was gathered, making Castlebar the marketing centre for linen produced in the West
.

Thóg an dara Iarla Leamhcáin an Halla Línéadaigh sa bhliain 1790. D'úsáid sé an foirgneamh chun an línéadach a stóráil agus a dhíol. Tháinig oibritheoirí ó Chontae Ard Mhacha chun an tionscail seo a fhorbairt, agus tógadh tithe dóibh sa tSráid Nua Aontroma.

 

 

 

15: Sapper's Mark / Benchmark / Crow's Feet (Bridge Street)

Taispeánann na siombail seo airde na háite ó leibhéal na mara.
B'iad innealtóirí ón airm Shasanach a d'úsáid na siombail seo
nuair a bhí na céad léarscáil Ordnance Survey á dhéanamh acu.

 

 

 

 

Seo an phríomhshráid, picture taken from Bridge Street

 

Seo í ón taobh eile sa bhliain 2010...

...arís sa bhliain 2011...

...agus seo thart ar 1890!

 

 

 

 

 

1969

 

1979

Féach ar an tsiopa Fahey's thuas

 

Cúpla pictiúr eile anseo

 

Ceapann Rang 2 go bhfuil an foirgneamh níos deise sa bhliain 2011

 

Pictiúir ón mbliain 2015 anseo

 

Meitheamh 2019: Chuaigh Rang 4 ar thuras go dtí Fahey's sa phríomhshráid. Pictiúir anseo.

 

 

 

Chuaigh siad taobh thiar chun an sean-phictiúrlann a fheiceáil

Osclaíodh an Star Cinema sa bhliain 1919, taobh thiar de siopa rothar.

Cúpla pictiúr eile anseo

 

 

Sr an Chaisleáin

'Lána an Chaisleáin' a ghlaonn formhór muintir an bhaile ar an tsráid seo.
Rugadh an ceoltóir cáiliúil Stephen Garvey anseo, is tá leacht cuimhneacháin ina onóir anseo.

Hover cursor over picture to see Castle Street 2010

Bhí cúrsa abhann na Siúire ag dul tríd an ghleanna seo ar dtús, is tógadh an caisleán agus
an beairic ar shuíomh straitéiseach ag breathnú amach ar an abhainn.

 

 

 

 

 

1798: Rásaí Chaisleán an Bharraigh

Here are landmarks in the town from The Races of Castlebar:

 

 

Seo dhá phlaic chuimhneacháin ag ceiliúradh an Éirí Amach sa bhliain 1798

 

20: Halla an Línéadaigh

Bhí damhsa speisialta ag an nGinearál Humbert sa halla seo tar éis an chatha i sa bhaile.

 

21: Cnoc Thomáis (Staball Hill)

Deirtear gur scread mná a bhí ina gcónaí ar Shráid Thomáis "Stab them all" a fhad is a bhí na Francaigh agus na hÉireannaigh Aontaithe ag cur an ruaig ar Airm na Sasanach i rith Rásaí Chaisleán an Bharraigh sa bhliain 1798.
Mar gheall ar seo, glaotar Staball mar leasainm ar Shráid Chnoc Thomáis.

 

 

Staball c.1890

 

 

Knockthomas, looking down where the force under Humbert attacked the English:

Roll cursor over image to see 2010

 

 

 

 


22: 1798 Mural in Rock Square
Don't forget Bridie Geraghty who painted it. She died of cancer.

 

 

 

 

 

23: Leacht Chuimhneacháin 1798

Nochtaíodh an leacht seo sa bhliain 1948 mar chomóradh
150 bliain de Rásaí Chaisleán an Bharraigh 1 1798.

 

 

24: Uaigh John Moore

Nuair a tháinig an Ginearál Humbert go Caisleán an Bharraigh,
thogh sé John Moore mar an chéad uachtarán ar Phoblacht Chonnacht.

B'as an tSráid dá chlann ó dhúchas, ach rugadh é in Alicante, sa Spáinn.
Bhíodh gnó ag a thuismitheoirí ansin, ach bhog an chlann ar ais go hÉirinn i 1792.
Cheannaigh siad eastát i mBelcarra: Moore Hall Estate.

 

Níor mhair Poblacht Chonnacht ró-fhada.
Bhí an bua ag na Sasanaigh orthu i mBéal Átha na Muice (Ballinamuck, Co. Sligo).
Gabhadh John Moore, agus fuair sé bás i 1799 i bPort Láirge.
Athchuireadh é sa bhliain 1961. Bhí an tUachtarán Éamon De Valera ann,
agus tugadh onóir iomlán na hEaglaise agus an Stáit dó.

 

 

 

Pikes: Sr. an Mhargaidh (16)

Tá meascán den sean agus nua anseo.
Ta na pikes i gcuimhne 1798 agus istigh leo, tá colúir bháin (doves)
ag tabhairt aitheantais do na peace talks a bhí ar siúl sa tuaisceart sa bhliain 1998

Bhíodh droichead mheáigh anseo áit atá na pící anois.
Bhíodh ar na feirmeoirí a dtáirgí talún, msh. prátaí, a mheá anseo,
agus cáin a íoc le Comhairle an Bhaile.

 

 

 

An stáisiún traenach

 

 

 

 

 

Seo cúpla pictiúr ag taispeáint Caisleán an Bharraigh ón mbliain 1905. Tá siad ón mbailiúchán Wynne.

 

 

An Reilig (25)

Chuaigh an dá Rang 5 timpeall na reilige le Ernie Sweeney

 

Seo uaigh do na páistí óga a fuair bás

 

 

Thuas: Cuimhneachán de hÓglaigh na hÉireann a fuair bás ar son na tíre

Seo uaigh James John Wynne, griangrafadóir cáiliúil ón mbaile, a fuair bás sa bhliain 1893

 

 

Tá céimeanna suite ar an
taobh thiar den dealbh seo.

Tógadh ón tseanphriosúin iad. Ag áit sin, lean siad suas go dtí an áit a crochadh daoine (where prisoners were hanged!)

 

 

Seo ceann de na sean table tombs.

Tá na uaigheanna seo i lár an tseaneaglais. Tá an dáta 1624 ar an tseanleac ar bharr de.
D'úsáid na Protastúnaigh an chuid seo den reilig go dtí gur thóg siad Christchurch.
As sin amach, cuireadh Caitlicigh anseo.

 

 

 

 

 

 

 

 

Seo saighdiúir a bhí ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda, John 'Bata' Roach.

 

 

 

 

 

Seo an treoraí, Ernie Sweeney, le gach duine ó Rang 5

 

Tháinig sé isteach sa scoil chun níos mó a mhúineadh.
Labhair sé le Ranganna 5 agus 6 (thuas)

Thaispeáin sé a chos a ghortaigh sé nuair a bhí sé óg!

 

 

 

 

 


An Linn Snámha (26)

Tógadh í 1981.


An Sportlann (27)

Tógadh é sa bhliain 1978.

An Phictiúrlann/Leisure Point (28)

Tógadh an phictiúrlann i 1998
Tá seacht scáileán sa phictiúrlann

 

Tá bowling alley ansin chomh maith

Tógadh an Castlebar Leisure Point i 2001


An Sean Club Leadóige (29)

Bunaíodh é sa bhliain 1935, nuair a fuarthas suíomh ón gclann Pelly a bhí mar uinéirí den Ostán Daly's.

Club Sacair
Castlebar Celtic (30)

1964

 

Seo pictiúr de Moneen, b'fhéidir sa bhliain 1980

 

 

31: Clic anseo chun an leabharlann a fheiceáil

Bhí sean-scoil Phrotastúnach ag an suíomh seo.

Bhí an seanfhoirgneamh in úsáid ag Scoil Raifteirí ó 1983-1989.

 

Bunaíodh Scoil Raifteirí san fhoirgneamh seo sa bhliain 1983.
Bhog an príomhoide, Máire Treasa Uí Dhálaigh, agus an chéad rang,
isteach sa tseanscoil Phrotastúnach, Christchurch National School,
áit atá Leabharlann Chontae Mhaigh Eo suite inniu.

Clic anseo chun stair Scoil Raifteirí a fheiceáil

 

 

 

 

Hover the mouse over the 1917 Map to see how Castlebar changed by 2003

Léiríonn sé an bealach a d'athraigh an baile idir 1917 agus 2003.


 

 

 

Back to top