12.04.19

Ár Lá Aicsean

 

Léiríonn an léarscáil seo an scoil, an Bealach Glas agus an abhainn

 

Pictiúr 1: ag an droichead in aice na scoile

 

 

Pictiúr 2: an abhainn gar don scoil

 

 

Pictiúr 3: bruscar san abhainn 4.5 km ón scoil

 

 

Pictiúr 4: bruscar greamaithe san abhainn

 

 

Pictiúr 5: Tuilleadh bruscair 4.5 km den scoil

 

1: Trealamh.

Maidí bruscair ón scoil, ó Chomhairle Chontae Mhaigh Eo agus ó choiste Castlebar Tidy Towns, lámhainní, málaí plaisteacha, bád oscailte, cadhc, ceamara. Ceapairí agus sóláistí eile i halla na scoile.

2: Foirne.

Micléinn faoi stiúir Stiofán Ó hAnnáin.
Tuismitheoirí.
Baill ó Castlebar Tidy Towns.
Comhairle Chontae Mhaigh Eo.
Mick Kane, Community Water Officer.
Cumann Cadhcdóireacht.
Gasóga Chaisleán an Bharraigh.
Celine King, Litter Warden.
Múinteoirí na scoile.
Pictiúir: Múinteoirí Padraig agus Michelle, Castlebar Tidy Towns, Kayla agus Joshua.
Ranganna 3 ag glanadh ar shuíomh na scoile.
Rang 4 ag glanadh sa chlós súgartha.
Ranganna 5 agus 6 ag glanadh ar bhruach na habhann.

3: Amchlár.

10:00         Cur i láthair i Rang 5 faoi aibhneacha.
11:15         Glanadh timpeall na scoile ag páistí Rang 3. Tugtar maidí bruscair, lámhainní agus málaí dóibh.
11:45         Bualadh le micléinn ón GMIT agus tuismitheoirí ag an gcarr chlós ag tús an Bhealaigh Ghlais.
12:00         Bualadh le Ger Deere agus daoine ó Castlebar Tidy Towns. Beidh maidí bruscair acu dúinn.
Báid san abhainn (bád oscailte ag micléinn agus Stiofán Ó hAnnáin, agus cadhc ag ball ón gclub cadhcdóireacht)
Micléinn ag an mbruach chun bruscar a chur suas go dtí grúpa ó Rang 5 ar an mbealach glas.
Grianghrafadóirí Joshua agus Kayla eagraithe.
Ranganna 5 agus 6 ag tosnú ag glanadh ar an mbealach glas. Labhróidh Casey ó Rang 5 agus Múinteoir Michelle leo faoi shábhailteachas. Fanfaidh sí agus Múinteoir Niamh leo.
13:00         Deireadh leis an nglanadh don chéad chiliméadar ón droichead. Lón (tar éis na lámha a ní!)
13:15         Sóláistí sa scoil, déanta ag Rang 5. Lucia ag gabháil buíochais le gach duine.
13.30         Glanadh sa pháirc súgartha ag Rang 4.
14:00         Rogha: grúpa daoine fásta le Múinteoir Gearóid (le cadhc) ag dul go dtí an áit bhrocach 4.5km síos an abhainn.

 

 

Seo pictiúir ón lá!

 

 

Glanadh from Scoil Raifteirí on Vimeo.